Is trí Bhéarla amháin a chuirtear an turas seo ar fáil.
Bí linn ag Músaem Ard-Oifig an Phoist chun ceiliúradh a dhéanamh ar shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta. Ócáid chinniúnach a bhí ann, agus tabharfaidh an turas treoraithe speisialta seo léargas ar an mbóthar corrach i dtreo na síochána ar oileán na hÉireann san fhichiú haois.
Díreoidh an turas seo isteach ar na forbairtí móra i stair pholaitiúil agus shóisialta na hÉireann san fhichiú haois as ar eascair an comhaontú síochána a síníodh in 1998. Cuimseofar réimse topaicí ar an turas, mar shampla géarchéim an Rialtais Dúchais in 1912, olltoghchán 1918, críochdheighilt agus teacht chun cinn dhá stát ar an oileán, briseadh amach na dTrioblóidí, agus an chomhroinnt cumhachta i dTuaisceart Éireann ó thús an aonú haois is fiche.
Ní mór áiteanna a chur in áirithe mar tá teorainn ar líon na dticéad. Rinneadh taighde speisialta don turas seo a mhairfidh tuairim is uair an chloig, agus is féidir le cuairteoirí féachaint ar an taispeántas sa mhúsaem ar a suaimhneas tar éis an turais. Is ann do chuid mhór déantán, scáileáin idirghníomhacha, agus fiú amháin scannán ar fiú féachaint orthu!
D’fhéadfadh sé nach mbeadh an turas seo oiriúnach do pháistí faoi 12 bhliain d’aois.
Íomhá le caoinchead ó Leas-Choimeádaí na dTaifead, Oifig Thaifid Phoiblí Thuaisceart Éireann, Uimhir thagartha D4069/7/5