A man exploring exhibits within a museum glass case

Tabhair Cuairt Orainn

Eolas

Uaireanta oscailte

  • Luan – Satharn: 10:00 a.m. – 5:00 p.m.
  • Cead isteach deireanach 4:00 p.m.
  • Dúnta ar an Domhnach, ar laethanta saoire poiblí agus an 24 Nollaig
Déan áirithint anois

Teagmháil

 

Seoladh

Músaem Ard-Oifig an Phoist, Ard-Oifig an Phoist (GPO),
Sráid Uí Chonaill Íochtarach, Baile Átha Cliath 1,
D01 F5P2, Éire

Conas teacht chuig an Músaem

Tá sé an-éasca teacht chuig Músaem Ard-Oifig an Phoist! Tá an músaem ar Shráid Uí Chonaill i gcroílár na cathrach, agus níl óstáin, carrchlóis phoiblí ná seirbhísí LUAS, DART, iarnróid agus bus lár na cathrach i bhfad uaidh de shiúl na gcos.

Cuir ticéid in áirithe

  • Duine fásta €15.00
  • Duine scothaosta (65+) €13.00
  • Mac léinn €13.00
  • Leanbh (14-17) €12.00
  • Leanbh (6-13) €7.50
  • Leanbh (0-5) €0.00
  • Teaghlach: 2 daoine fhásta + 2 leanaí €40.00
  • Teaghlach: 2 daoine fhásta + 4 leanaí €45.00
  • Duine fásta faoi mhíchumas €8.00
  • Leanbh faoi mhíchumas €6.00

  • Duine fásta €17.00
  • Duine scothaosta (65+) €15.00
  • Mac léinn €15.00
  • Leanbh (14-17) €13.00
  • Leanbh (6-13) €8.50
  • Leanbh (0-5) €0.00
  • Teaghlach: 2 daoine fhásta + 2 leanaí €45.00
  • Teaghlach: 2 daoine fhásta + 4 leanaí €50.00
  • Duine fásta faoi mhíchumas €8.00
  • Leanbh faoi mhíchumas €6.00

Uaireanta oscailte

Luan – Satharn: 10:00 a.m. – 5:00 p.m.

Cead isteach deireanach 4:00 p.m.

Dúnta ar an Domhnach, ar laethanta saoire poiblí agus an 24 Nollaig

Ná bíodh díomá ort! Bí cinnte na ticéid a chur in áirithe roimh ré. Gheobhaidh tú lascaine idir €2.00 agus €5.00 ar fhormhór na dticéad!

GPO Audio Visual

Eispéiris ag
Músaem Ard-Oifig an Phoist

Tá Ard-Oifig an Phoist ar cheann de na foirgnimh is cáiliúla agus is so-aitheanta in Éirinn, agus ba cheart an deis a thapú cuairt a thabhairt ar Mhúsaem Ard-Oifig an Phoist agus tú i mBaile Átha Cliath.

Cuir eolas ar stair na hÉireann ón Éirí Amach go dtí an lá atá inniu ann, faoi mar a nochtar an stair os do chomhair amach!

Lady looking at hats in museum gift shop

Siopa Bronntanas an Mhúsaeim

Is féidir réimse leathan féiríní a cheannach sa siopa bronntanas, mar shampla seodra, scaifeanna, hataí, leabhair, agus cuimhneacháin, agus tá an siopa ar oscailt don phobal. Cibé acu atá bronntanas á lorg agat do chairde nó don teaghlach sa bhaile, nó leabhair chun eolas breise a chur ar stair na hÉireann, beidh rogha mhór earraí os do chomhair agat. Beidh foireann an tsiopa an-sásta cabhrú leat má tá rud éigin ar leith ag teastáil uait.

Temple Bar, Dublin Web
© Tourism Ireland

Taiscéalaíocht i mBaile Átha Cliath

Is cathair bheoga í Baile Átha Cliath a bhfuil go leor staire ag baint léi. Cuir eolas ar an gcathair anois. Tá liosta samplach thíos de mhúsaeim agus de thaitneamhachtaí do chuairteoirí. Féach https://www.visitdublin.com/ chun tuilleadh eolais a fháil ar a bhfuil le déanamh i mBaile Átha Cliath.