Visitors admiring large historic image

Eispéiris

Le teacht

Guided tour of museum 2

Turais do ghrúpaí

Cuireann Músaem Ard-Oifig an Phoist roghanna turais éagsúla ar fáil, agus tá rátaí speisialta ann do ghrúpaí ina bhfuil deichniúr nó níos mó. Tugtar rátaí speisialta d’oibreoirí turais, turais scoile agus institiúidí tríú leibhéal, grúpaí sainleasa, agus grúpaí corparáideacha. Déan teagmháil lenár n-oifig áirithintí chun sonraí breise a fháil. Tabhair faoi deara nach mór do ghrúpaí áiteanna a chur in áirithe roimh ré.

Cuirimid turais speisialta ar fáil freisin maidir le topaicí ar leith ón tréimhse agus taighde speisialta déanta orthu. Ina measc siúd, tá ról na mban, an méid a chuir an pobal LADTA+ leis an troid ar son shaoirse na hÉireann, an Conradh Angla-Éireannach, Cogadh na gCarad, agus bunús na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann, agus topaicí eile nach iad.