


Pacáistí atá oiriúnach do gach grúpa
Tá Músaem Ard-Oifig an Phoist tar éis dul i bpáirt le Músaem CLG chun turais scoile speisialta a thairiscint do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna.

Músaem CLG
Tabhair cuairt ar Mhúsaem CLG i bPáirc an Chrócaigh agus cuir eolas ar scéal na gcluichí Gaelacha aniar ó chianaois go dtí an lá atá inniu ann.
Praghas: Bunscoileanna €15.00; Meánscoileanna €19.00.
Cuimsítear leis cuairt ar Mhúsaem CLG agus ar Mhúsaem Ard-Oifig an Phoist araon.
Chun áirithint a dhéanamh, seol ríomhphost chuig tours@crokepark.ie agus sonraigh an líon cuairteoirí, agus do rogha dáta agus ama.