gpo museum after rising

Ár Stair

Le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann a atáirgtear an íomhá
GPO Exterior (2)

Téigh ar aistear trí stair na hÉireann

In Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath atá Músaem Ard-Oifig an Phoist lonnaithe. Bhí an foirgneamh ina cheanncheathrú ag lucht Éirí Amach 1916, imeacht cinniúnach a d’athraigh treo stair na hÉireann.

Fógraíodh Éire ina náisiún ceannasach Luan Cásca, an 24 Aibreán 1916, taobh amuigh d’Ard-Oifig an Phoist nuair a léigh Pádraig Mac Piarais, duine de cheannairí an Éirí Amach, Forógra na Poblachta.

Insítear scéal Éirí Amach na Cásca 1916 agus nua-stair na hÉireann i suíomh cáiliúil Mhúsaem Ard-Oifig an Phoist.

Is iad seo a leanas príomhthéamaí na staire sa mhúsaem.

gpo lines illustration
Gnéithe den stair atá le feiceáil in Ard-Oifig an Phoist (amlíne)
Insítear scéal Éirí Amach na Cásca 1916 agus nua-stair na hÉireann i Músaem Ard-Oifig an Phoist. Anseo thíos tá amlíne de na príomhimeachtaí atá sa mhúsaem seo a bhfuil duaiseanna bronnta air
Clock Timeline Start
1800idí
timeline stamp

An Athbheochan Chultúrtha

Bhí athbheochan chultúrtha i gcúrsaí litríochta, i gcúrsaí spóirt agus sa Ghaeilge ar siúl in Éirinn ag deireadh na 1800idí agus ag tús na 1900idí. Thug an Athbheochan féiniúlacht náisiúnta níos mó do mhuintir na hÉireann agus, anuas air sin, chabhraigh sí le gluaiseachtaí réabhlóideacha daoine a earcú chun na cúise roimh 1916. Na trí eagraíocht chultúrtha a bunaíodh ag an am sin – mar atá, Amharclann Liteartha na hÉireann (Amharclann na Mainistreach ina dhiaidh sin), Conradh na Gaeilge agus an Cumann Lúthchleas Gael (CLG) – meastar go raibh siad ar na trí chrann taca den náisiúnachas cultúrtha.

Cúlra polaitiúil

Faoi dheireadh na 1800idí, bhí dhá thraidisiún náisiúnacha ag saothrú chun saoirse na hÉireann a bhaint amach – na poblachtaigh agus na náisiúnaithe bunreachtúla. Ba ann do ghlúin ní b’óige agus ní ba radacaí ag an am freisin, agus chreid an ghlúin sin nach bhféadfaí saoirse cheart a bhaint amach ach le poblachtachas na láimhe láidre.

1900idí
timeline vector

Dálaí sóisialta

Bhí caighdeán maith maireachtála ag go leor de mhuintir na hÉireann ag tús an 20ú haois. Mar sin féin, bhí na mílte daoine i mBaile Átha Cliath beo bocht agus iad ina gcónaí sna tionóntáin ba mheasa san Eoraip ag an am. Ní bhíodh d’ioncam ag a bhformhór acu ach an t-airgead a d’fhaighidís ar obair fhánach. Faoi na 1910idí, ba é 22.3 bás in aghaidh an mhíle duine an ráta báis i mBaile Átha Cliath, agus bhí 26,000 teaghlach ag cur fúthu in áiteanna cónaithe gan ach aon seomra amháin iontu.

1914
timeline stamp

An Cogadh Mór

Bhris an Cogadh Mór amach idir an Bhreatain agus an Ghearmáin i mí Lúnasa 1914, agus chuaigh 80,000 Éireannach isteach in arm na Breataine laistigh de bhliain. Bhí tionchar mór ag an gCogadh Mór ar mhuintir agus ar pholaitíocht na hÉireann agus bhí tionchar díreach aige ar imeachtaí na Cásca 1916. Deis a bhí sa Chogadh Mór don lucht radacach: agus aird na Breataine ar chríocha eile, ba thráthúil an t-am é chun éirí amach.

1916
timeline stamp 2

Éirí Amach na Cásca, 1916

Luan Cásca 1916 thug scata reibiliúnach ruathar faoi roinnt suíomhanna straitéiseacha timpeall Bhaile Átha Cliath, Ard-Oifig an Phoist ina measc. Ba é an aidhm a bhí acu réabhlóid náisiúnta a spreagadh agus saoirse na hÉireann a bhaint amach. Sheas Pádraig Mac Piarais – duine de cheannairí an Éirí Amach – lasmuigh d’Ard-Oifig an Phoist agus léigh sé amach Forógra na Poblachta: cáipéis inar fógraíodh go raibh Éire ina stát ceannasach neamhspleách. Mhair an comhrac fíochmhar ar feadh seachtaine. Scriosadh lár na cathrach agus cloíodh na reibiliúnaigh ar deireadh. Maraíodh níos mó ná 480 duine, ar shibhialtaigh iad an mhórchuid acu.

Iarmhairtí an Éirí Amach

Cé go raibh dearcadh diúltach ag an gcuid is mó den phobal ar an Éirí Amach i dtosach, ba é nádúr an díoltais a bhain an Bhreatain amach an rud ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar an gcaoi ar bhreathnaigh muintir na hÉireann ar an Éirí Amach. Theip ar an Éirí Amach ó thaobh míleata de. Mar sin féin, d’éirigh leis na reibiliúnaigh ceann dá bpríomhaidhmeanna a bhaint amach – rinne siad náisiúnachas na hÉireann a radacú. Faoi mar a lean an cogadh ar aghaidh ar an Mór-Roinn, d’éirigh gluaiseacht an náisiúnachais ní ba láidre in Éirinn.

1919
timeline vector

Cogadh na Saoirse

Bhí Cogadh na Saoirse ar siúl idir 1919 agus 1921, agus tharla feallmharuithe agus gníomhartha díoltais agus athdhíoltais lena linn. Treallchogaíocht a bhí sa choimhlint mhíleata idir fórsaí armtha na Breataine agus Óglaigh na hÉireann, agus lean rialtas féinfhógartha na hÉireann dá gcuid iarrachtaí poblacht neamhspleách a bhaint amach in Éirinn san am céanna. Bhí aindlí agus anord i réim i gcuid mhór den tír, le fírinne, go dtí gur fógraíodh sos cogaidh an 11 Iúil 1921. Maraíodh thart ar 2,000 duine le linn na coimhlinte.

1921
timeline stamp 3

An Conradh

Cúpla mí tar éis an tsosa cogaidh, tháinig Sinn Féin agus Rialtas na Breataine le chéile le haghaidh idirbheartaíochta i Londain. Shínigh ionadaithe na hÉireann an Conradh Angla-Éireannach an 6 Nollaig 1921. Leis sin bunaíodh Saorstát Éireann. Mar sin féin, d’fhág téarmaí an chonartha go mbeadh Saorstát Éireann ina thiarnas de chuid Impireacht na Breataine agus go mbeadh ar pholaiteoirí na hÉireann mionn dílseachta do mhonarc na Breataine a ghlacadh.

1922
timeline stamp

Cogadh na gCarad

Scoilt gluaiseacht na poblachta mar gheall ar an gConradh Angla-Éireannach. D’áitigh an rialtas sealadach, faoi stiúir Mhíchíl Uí Choileáin, gur raibh an conradh ar an socrú ab fhearr ab fhéidir a bhaint amach. Mar sin féin, rinne an Conradh feall ar an bPoblacht féin dar le hÉamon de Valera agus na poblachtaigh a bhí in aghaidh an Chonartha. Bhris cogadh cathartha amach i mí an Mheithimh 1922. Fir agus mná a sheas le chéile in aghaidh fhórsaí na corónach tráth den saol, bhí siad ag troid in aghaidh a chéile. Maraíodh beagnach 2,000 duine sa chogadh faoi mhí Aibreáin 1923, agus d’fhág oidhreacht nimhneach an chogaidh go raibh scoilt sa tsochaí agus sa pholaitíocht in Éirinn ar feadh blianta fada ina dhiaidh sin.

1924
timeline envelope

An Saorstát agus Tuaisceart Éireann

Dheimhnigh an Conradh Angla-Éireannach an chríochdheighilt in Éirinn a bunaíodh leis an Acht um Rialú na hÉireann in 1920. Cuireadh coimisiún ar bun in 1924 le measúnú cibé acu ba cheart nó nár cheart an teorainn a leasú. Ní dhearnadh aon athrú, agus dheimhnigh ceannairí an tSaorstáit, Thuaisceart Éireann, agus na Breataine an teorainn a bhí ann cheana an 3 Nollaig 1925.

Rinneadh poblacht cheannasach den Saorstát in 1949. Ba chorrach an caidreamh idir an tuaisceart agus an deisceart sna blianta ina dhiaidh sin.

1969
timeline stamp 2

Na Trioblóidí

Tagraíonn ‘na Trioblóidí’ don choimhlint i dTuaisceart Éireann a mhair ar feadh beagnach tríocha bliain idir 1969 agus 1998. Maraíodh níos mó ná 3,400 duine le linn na dTrioblóidí agus gortaíodh go dona cuid mhór daoine eile. Tháinig méadú ar an líon daoine a chuaigh isteach in eagraíochtaí paraimíleata sna 1960idí agus go luath sna 1970idí. Rinne grúpaí paraimíleata dílseacha agus poblachtacha feallmharuithe, buamálacha, agus gníomhartha sceimhlitheoireachta eile sna 1970idí agus sna 1980idí. In ainneoin an fhoréigin a bhí i réim, cuireadh tús go luath sna 1990idí le hidirbheartaíocht idir na páirtithe polaitiúla i dTuaisceart Éireann agus rialtais na hÉireann agus na Breataine.

1998
timeline stamp

Comhaontú Aoine an Chéasta:

Cor cinniúnach a bhí sa chomhaontú sin a chuir bonn faoi phróiseas na síochána agus a bhunaigh tionól cineachta agus feidhmeannas ilpháirtí comhroinnte cumhachta i dTuaisceart Éireann. Glacadh leis an gcomhaontú i reifreann – an chéad uair a chaith muintir ar fad an oileáin vóta le chéile ó bhí 1918 ann. Thiomnaigh toradh an reifrinn na páirtithe ar fad do phrionsabal an toilithe, don díchoimisiúnú arm, agus do normalú na slándála. Aithníonn Comhaontú Aoine an Chéasta/Bhéal Feirste go bhfuil sé de cheart ag muintir Thuaisceart Éireann iad féin a shainaithint mar Éireannaigh, mar Bhriotanaigh nó mar an dá rud. Tá dlúthcheangal idir an Phoblacht agus Tuaisceart Éireann a bhuí le hinstitiúidí comhroinnte, sa chomhthéacs Eorpach agus sa chomhthéacs Briotanach-Éireannach araon.

2011
timeline vector

2000idí

Tá feabhas mór tagtha ar an gcaidreamh idir Poblacht na hÉireann, Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta. Mar thoradh ar an gcaidreamh feabhsaithe sin, tháinig Éilis II go hÉirinn in 2011, agus ba í sin an chéad chuairt oifigiúil a thug ceann stáit den Bhreatain ar an bPoblacht ó baineadh saoirse amach.

2015
timeline parcel

Pósadh comhghnéis

62.1% de dhaoine a vótáil ar son comhionannas pósta i reifreann. Bhí an Phoblacht ar an gcéad stát ar domhan a cheadaigh an pósadh comhghnéis de bhun reifrinn.

Cuir ticéid in áirithe

  • Duine fásta €15.00
  • Duine scothaosta (65+) €13.00
  • Mac léinn €13.00
  • Leanbh (14-17) €12.00
  • Leanbh (6-13) €7.50
  • Leanbh (0-5) €0.00
  • Teaghlach: 2 daoine fhásta + 2 leanaí €40.00
  • Teaghlach: 2 daoine fhásta + 4 leanaí €45.00
  • Duine fásta faoi mhíchumas €8.00
  • Leanbh faoi mhíchumas €6.00

  • Duine fásta €17.00
  • Duine scothaosta (65+) €15.00
  • Mac léinn €15.00
  • Leanbh (14-17) €13.00
  • Leanbh (6-13) €8.50
  • Leanbh (0-5) €0.00
  • Teaghlach: 2 daoine fhásta + 2 leanaí €45.00
  • Teaghlach: 2 daoine fhásta + 4 leanaí €50.00
  • Duine fásta faoi mhíchumas €8.00
  • Leanbh faoi mhíchumas €6.00

Uaireanta oscailte

Luan – Satharn: 10:00 a.m. – 5:00 p.m.

Cead isteach deireanach 4:00 p.m.

Dúnta ar an Domhnach, ar laethanta saoire poiblí agus an 24 Nollaig

Ná bíodh díomá ort! Bí cinnte na ticéid a chur in áirithe roimh ré. Gheobhaidh tú lascaine idir €2.00 agus €5.00 ar fhormhór na dticéad!