Consequences of the 1916 Easter Rising

Oideachas ag
Músaem Ard-Oifig an Phoist

Cuairteanna oideachais

Is eispéireas idirghníomhach tumthach é Músaem Ard-Oifig an Phoist, agus cuirtear réimse turas ar fáil atá dírithe go sonrach ar bhunscoileanna, ar mheánscoileanna, ar institiúidí tríú leibhéal, ar mhic léinn idirnáisiúnta, agus ar scoileanna teanga. Tugtar daltaí agus mic léinn taobh thiar d’aghaidh stairiúil Ard-Oifig an Phoist chun féachaint go domhain ar na tréimhsí cinniúnacha a mhúnlaigh Nua-Stair na hÉireann ó dheireadh na 1800idí go dtí an lá atá inniu ann.

Cuirtear beocht sna himeachtaí sin trí scáileáin tadhaill leictreonacha, físeáin, botháin chlosamhairc, fuaimeanna, agus breis is céad déantán barántúil ón tréimhse. Ceann de bhuaicphointí na cuairte is ea an scannán Fire and Steel a cruthaíodh go speisialta don Mhúsaem. Tá Fire and Steel bunaithe ar Birth of the Irish Republic le Walter Paget, agus taispeántar an scannán ar scáileán 180 céim. Tugtar cuairteoirí siar go 1916, agus taispeántar príomhimeachtaí Sheachtain na Cásca dóibh, tráth a bhí ceanncheathrú an Rialtais Shealadaigh lonnaithe in Ard-Oifig an Phoist.

Social Conditions Test
School children looking at exhibit

Bunscoileanna:

Cuireann Músaem Ard-Oifig an Phoist turais threoraithe oideachais ar fáil atá deartha go sonrach chun tacú le Curaclam na Bunscoile. Pléitear le roinnt snáitheanna de churaclam staire na bunscoile ar an turas, Ag obair mar staraí agus Scéalaíocht ina measc.

Students looking at Map

Rachaidh na daltaí siar sa stair ar an turas treoraithe agus foghlaimeoidh siad faoin tréimhse roimh Éirí Amach 1916, faoi imeachtaí Sheachtain na Cásca, agus faoin méid a tharla ina dhiaidh sin, Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad ina measc. Tabharfaidh scannán cumhachtach tumthach na daltaí isteach in Ard-Oifig an Phoist, agus gheobhaidh siad léargas ar an gcaoi a raibh cúrsaí san fhoirgneamh féin le linn an Éirí Amach. Beidh deis ag na daltaí eolas a chur ar stair na hÉireann ar bhealach spraíúil inrochtana trí chluichí agus gníomhaíochtaí. Orthu sin, seolfaidh siad teachtaireachtaí i gcód Morse, sórtálfaidh siad litreacha, agus glacfaidh siad ról teachtaire.

Children looking at timeline wall

Meánscoileanna

Cuireann Músaem Ard-Oifig an Phoist turais threoraithe oideachais ar fáil atá deartha go sonrach chun tacú leis an tSraith Shóisearach, le cúrsa na hIdirbhliana, agus leis an tSraith Shinsearach.

I rith an turais, suíonn an treoraí Éirí Amach 1916 ina chomhthéacsanna sóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha, agus féachtar ar imeachtaí na seachtaine trí dhoiciméid agus déantáin thábhachtacha agus trí shúile na ndaoine a chonaic an méid a thit amach: na reibiliúnaigh, fórsaí an choróin, oibrithe Ard-Oifig an Phoist, agus daoine eile a bhí ar an láthair.

Two students interacting with a touchscreen

Déantar iniúchadh agus grinnscrúdú ar ar thit amach i ndiaidh an Éirí Amach agus ar iarmhairtí an Éirí Amach, i dtéarmaí an chomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta araon. I gcomhréir leis an gcuraclam, dírítear i gcónaí ar an bhfianaise, ar an méid a bhí le rá ag finnéithe, agus ar an eolas is féidir a fháil ó fhoinsí príomha.

Cuirimid turais speisialta ar fáil freisin agus taighde speisialta déanta orthu. Baineann na turais sin le topaicí agus le cás-staidéir ar leith atá ábhartha do churaclam na hArdteistiméireachta go háirithe, mar shampla an Conradh Angla-Éireannach, bunús na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann agus próiseas na síochána, agus roinnt ábhair eile freisin.

Man and woman looking at exhibit stand

Tríú Leibhéal

Cuireann Músaem Ard-Oifig an Phoist cuairteanna oideachais ar fáil do mhic léinn tríú leibhéal ina dtugtar iad ar aistear trí nua-stair na hÉireann ó dheireadh na 1800idí go dtí 2016.

Déan iniúchadh le duine dár dtreoraithe ar Éirí Amach 1916 agus ar mhór-imeachtaí nua-stair na hÉireann, mar shampla Cogadh na Saoirse, Cogadh na gCarad, agus forbairt thuaisceart agus dheisceart na hÉireann ó 1922 go 2016. Téigh ar aistear mothúchánach ina gcuirtear beocht i ndaoine agus i scéalta na linne sin.

Cuirimid turais speisialta ar fáil freisin maidir le topaicí ar leith ón tréimhse agus taighde speisialta déanta orthu. Ina measc siúd, tá ról na mban, an méid a chuir an pobal LADTA+ leis an troid ar son shaoirse na hÉireann, an Conradh Angla-Éireannach, Cogadh na gCarad, agus bunús na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann, agus topaicí eile nach iad.

Third level students at Museum

Dearadh turas treoraithe nua dar teideal Museums: Constructing History do mhic léinn atá ar chúrsa nó ar chlár staire poiblí, cultúrtha, oidhreachta agus iarsmalannaíochta.

Le linn an turais threoraithe sin, féachtar ar na dúshláin agus na freagrachtaí ar gá aghaidh a thabhairt orthu nuair a scaiptear faisnéis trí thaispeántas i músaem. Aithnítear ann an ról a bhíonn ag músaeim chun dearcthaí coiteanna agus dioscúrsa poiblí faoi imeachtaí stairiúla a mhúnlú, agus féachtar ann ar an gcaoi a ndéantar gnéithe teoiriciúla i réimse na staire poiblí a chur i bhfeidhm sa chleachtas.

International Students at Museum

Mic léinn idirnáisiúnta agus scoileanna teanga

Mic léinn agus daltaí idirnáisiúnta ar mhaith leo eolas a chur ar nua-stair na hÉireann, ba cheart dóibh an deis a thapú chun cuairt a thabhairt ar Mhúsaem Ard-Oifig an Phoist. Tá clú agus cáil ar Ard-Oifig an Phoist mar is ann a bhí ceanncheathrú lucht Éirí Amach 1916 lonnaithe. Is mar gheall ar an Éirí Amach sin a d’éirigh le hÉirinn a saoirse a bhaint amach ina dhiaidh sin.

A group of students listerning to a tour guide

Ag Músaem Ard-Oifig an Phoist, cuirfidh foghlaimeoirí Béarla eolas ar Éirí Amach 1916 agus ar chlocha míle móra eile i nua-stair na hÉireann. Is iad na himeachtaí sin bunchlocha na tíre atá againn sa lá atá inniu ann.

Cuimsítear iad seo a leanas i gcuairt ar Mhúsaem Ard-Oifig an Phoist:

  • Turas treoraithe a dearadh go speisialta d’fhoghlaimeoirí teanga le haghaidh deichniúr foghlaimeoirí teanga nó níos mó (turas féintreoraithe a chuirtear ar fáil do ghrúpaí faoi bhun deichniúr foghlaimeoirí)
  • Insítear an scéal ar bhealach soiléir sothuigthe ar ár dturais ar fad
  • Is eispéireas idirghníomhach tumthach atá ann ina gcuirtear beocht sa stair
michletti logo icon

Bhronn an tAcadamh Músaem Eorpach Gradam Micheletti ar Mhúsaem Ard-Oifig an Phoist in 2017.

Trí chuntais neamhchlaonta agus scéalta pearsanta dílse, cuireann an músaem beocht sa stair ar bhealach úrnua i suíomh cáiliúil. Agus Gradam Micheletti 2017 á bhronnadh acu, d’aithin moltóirí an Acadaimh Músaem Eorpaigh gur lárionad síochána agus athmhuintearais atá i Músaem Ard-Oifig an Phoist agus shonraigh siad go léirítear sa mhúsaem gur féidir imeachtaí an-chonspóideach a léirmhíniú ar bhealaí lena spreagtar aontacht agus tuiscint, idir shóisialta agus pholaitiúil.