

Músaem Ard-Oifig an Phoist
Tá Ard-Oifig an Phoist ar cheann de na foirgnimh is cáiliúla agus is so-aitheanta in Éirinn, agus ba cheart an deis a thapú cuairt a thabhairt ar Mhúsaem Ard-Oifig an Phoist agus tú i mBaile Átha Cliath.
Tá clú agus cáil ar Ard-Oifig an Phoist mar ba ann a bhí ceanncheathrú lucht Éirí Amach 1916 lonnaithe. Ba é an tÉirí Amach a chuir bonn faoi shraith imeachtaí dochloíte, agus ba é cruthú Phoblacht na hÉireann an toradh a bhí ar na himeachtaí sin ar deireadh thiar.
Cuirfidh tú eolas sa Mhúsaem ar scéal na mór-imeachtaí a mhúnlaigh nua-stair na hÉireann. Ina measc siúd, tá Éirí Amach 1916, Cogadh na Saoirse, an Conradh Angla-Éireannach, Cogadh na gCarad, na Trioblóidí agus an próiseas síochána i dTuaisceart Éireann ina dhiaidh sin suas go dtí síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta in 1998.
Cuairt ar an Músaem
Is féidir cuairt a thabhairt ar an músaem ar dhá bhealach.
- Cuairt fhéintreoraithe: (idir uair an chloig agus uair go leith nó mar sin)
- Cuairt fhéintreoraithe le tráchtaireacht: (uair go leith nó mar sin)
Más maith leat éisteacht leis an tráchtaireacht, is féidir cód QR a scanadh leis an gceamara ar an bhfón agat ag tús na cuairte chun an chlostreoir saor in aisce a oscailt, nó is féidir gléas cinn don chlostreoir a fháil ar cíos ar €2.00. Tá na clostreoracha ar fáil i nGaeilge, Béarla, Gearmáinis, Fraincis, Iodáilis, agus Spáinnis.
Áirithintí grúpa:
I gcás áirithintí le haghaidh grúpaí de dheichniúr nó níos mó, déan teagmháil lenár n-oifig áirithintí chun rátaí speisialta do ghrúpa a fháil. Tá turas treoraithe ar fáil freisin, agus is gá é sin a chur in áirithe roimh ré trí theagmháil a dhéanamh leis an oifig áirithintí.
Cuirimid turais speisialta ar fáil freisin maidir le topaicí ar leith ón tréimhse agus taighde speisialta déanta orthu. Ina measc siúd, tá ról na mban, an méid a chuir an pobal LADTA+ leis an troid ar son shaoirse na hÉireann, an Conradh Angla-Éireannach, Cogadh na gCarad, agus bunús na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann, agus topaicí eile nach iad.
Cuir ticéid in áirithe
Uaireanta oscailte
Luan – Satharn: 10:00 a.m. – 5:00 p.m.
Cead isteach deireanach 4:00 p.m.
Dúnta ar an Domhnach, ar laethanta saoire poiblí agus an 24 Nollaig
Ná bíodh díomá ort! Bí cinnte na ticéid a chur in áirithe roimh ré. Gheobhaidh tú lascaine idir €2.00 agus €5.00 ar fhormhór na dticéad!