“It’s easy to die for Ireland. What Ireland needs is people to live honestly for Ireland,” – Helena Healy – máthair Sheáin ‘Jack’ Healy, duine de na Fianna.
Bí linn seachtain na Cásca ag Músaem Ard-Oifig an Phoist agus ceiliúradh á dhéanamh againn ar na páistí agus ar na teaghlaigh ar chuir an tréimhse réabhlóideach go luath sna 1900idí isteach orthu.
Ar an turas speisialta seo, cuirfidh tú eolas ar scéalta na bpáistí agus na ndéagóirí a ghlac páirt ghníomhach sa troid ar son na saoirse in Éirinn. Gheobhaidh tú amach faoin scrios a rinneadh ar theaghlaigh a chaill páistí sa chroslámhach i gcathanna ar fud Bhaile Átha Cliath agus ar fud na hÉireann.
Cuireann an turas seo beocht i gcuimhní na ndaoine óga sin a ndéantar dearmad orthu uaireanta, agus féachann sé ar an tsochaí agus ar an gcultúr a thug iad chomh gar don chogaíocht agus d’imeachtaí eile na linne. Foghlaim faoi na fir agus na mná a chuir oiliúint ar na daoine óga, faoi na teaghlaigh a bhí fágtha ina ndiaidh, agus fúthu sin a d’fhás aníos in Éirinn tráth a bhí ag athrú mór ag teacht ar an tír. Tar linn ar aistear trí Bhaile Átha Cliath mar a bhí nuair a mhair siad ann, éist lena scéalta agus foghlaim faoin tábhacht a bhaineann le ceiliúradh a dhéanamh ar na daoine óga sin.
Ní mór áiteanna a chur in áirithe mar tá teorainn ar líon na dticéad. Rinneadh taighde speisialta don turas seo a mhairfidh tuairim is uair an chloig, agus is féidir le cuairteoirí cuairt a thabhairt ar an músaem agus dul isteach sa chaifé ar a suaimhneas tar éis an turais. Is ann do chuid mhór déantán, scáileáin idirghníomhacha, agus fiú amháin scannán tumthach ar fiú féachaint orthu!
Tabhair faoi deara go bhféadfadh sé nach mbeadh an turas seo oiriúnach do pháistí faoi 12 bhliain d’aois.
Íomhá le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.