
Luan – Satharn: 10:00 a.m. – 5:00 p.m.
Cead isteach deireanach 4:00 p.m.
Dúnta ar an Domhnach, ar laethanta saoire poiblí agus an 24 Nollaig
Cuairt fhéintreoraithe a dhéanann daoine aonair, agus braitheann fad na cuairte ar spéis gach cuairteora. Mar sin féin, idir uair an chloig agus uair go leith a bhíonn sa chuairt go hiondúil.
Is féidir éisteacht le tráchtaireacht freisin, agus bíonn uair go leith nó mar sin i gceist má dhéantar é sin. Más maith leat éisteacht leis an tráchtaireacht, is féidir cód QR a scanadh leis an gceamara ar an bhfón agat ag tús na cuairte chun an chlostreoir saor in aisce a oscailt, nó is féidir gléas cinn don chlostreoir a fháil ar cíos ar €2.00. Tá na clostreoracha ar fáil i nGaeilge, Béarla, Gearmáinis, Fraincis, Iodáilis, agus Spáinnis.
Cuireann an músaem turais threoraithe phoiblí ar fáil le linn na seachtaine freisin, agus maireann na turais sin idir uair an chloig agus uair agus ceathrú. Is féidir le cuairteoirí cuairt a thabhairt ar an músaem tar éis an turais freisin. Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.
Tá Músaem Ard-Oifig an Phoist lonnaithe ar Shráid Uí Chonaill, i gcroílár Bhaile Átha Cliath. Tá seirbhís mhaith iompair phoiblí chuig an Músaem (Bus Bhaile Átha Cliath, Líne Dhearg agus Uaine an Luas) agus tá sé faoi fhad siúil ó stáisiúin traenach Uí Chonghaile agus Shráid na Teamhrach. Stopann na busanna turasóireachta ar fad ar Shráid Uí Chonaill.
Is ann do chuid mhór carrchlóis phoiblí gar don Mhúsaem. Is é Best Car Parks Arnotts an carrchlós is gaire agus tá ráta speisialta €10.00 ar pháirceáil lae le fáil ag cuairteoirí Mhúsaem Ard-Oifig an Phoist nuair a thaispeánann siad deimhniú áirithinte nó admháil ag oifig na dticéad ar leibhéal 1a agus iad ag imeacht. Tá uaireanta oscailte an charrchlóis le fáil anseo
Cuireann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath cuid mhór roghanna páirceála rothar ar fáil ar fud na cathrach freisin.
Tá tuilleadh eolais le fáil ar an leathanach Tabhair cuairt orainn.
Tá an limistéar tuirlingthe is gaire lonnaithe lasmuigh de Bhus Bhaile Átha Cliath ar Shráid Uí Chonaill Uachtarach. Féach https://www.dublincity.ie/ga/conaitheach/pairceail-i-mbaile-atha-cliath/pairceail-coisti-i-gcathair-bhaile-atha-cliath chun eolas a fháil ar shaoráidí páirceála cóistí i mBaile Átha Cliath
Molaimid do chuairteoirí ticéid a chur in áirithe roimh ré ar an suíomh gréasáin le déanamh cinnte gur féidir leo cuairt a thabhairt ar an músaem ar an dáta agus ag an am is fearr leo. Gheobhaidh tú an praghas is fearr nuair a chuirfidh tú ticéid in áirithe roimh ré, agus beidh lascaine idir €2.00 agus €5.00 le fáil ar fhormhór na dticéad. Is féidir le cuairteoirí ticéid a cheannach ón deasc ticéad sa mhúsaem féin freisin.
Má tá an músaem lán, tabharfar tús áite do dhaoine a chuir áit in áirithe ar líne ar ár suíomh gréasáin féin agus ar athdhíoltóirí tríú páirtí údaraithe. Is féidir ticéid ar líne a cheannach anseo.
Ba cheart do ghrúpaí ina bhfuil deichniúr nó níos mó réamháirithint a dhéanamh le bheith cinnte ticéid a fháil agus chun an ráta do ghrúpaí a fháil. Déan teagmháil leis an oifig ar ríomhphost ag info@gpomuseum.ie nó ar an bhfón ag + 353 (0) 1 872 1916
Ceannaigh ticéid ar líne chun na rátaí is fearr a fháil agus faigh lascaine idir €2.00 agus €5.00 ar fhormhór na dticéad. Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.
Cuairt fhéintreoraithe a thugann daoine aonair ar Mhúsaem Ard-Oifig an Phoist.
Cuireann an músaem turais threoraithe phoiblí ar fáil le linn na seachtaine freisin, agus tá tuilleadh eolais le fáil anseo.
Bíonn turais threoraithe phríobháideacha ar fáil do ghrúpaí de dheichniúr nó níos mó agus bíonn rátaí grúpa ar fáil. Tabhair faoi deara nach mór do ghrúpaí réamháirithint a dhéanamh lenár n-oifig áirithintí. R: info@gpomuseum.ie T: + 353 (0)1 872 1916
Cuireann, ach is féidir cuairt a thabhairt ar an músaem freisin gan gléas cinn clostreorach a úsáid. Más maith leat éisteacht leis an tráchtaireacht, is féidir cód QR a scanadh leis an gceamara ar an bhfón agat ag tús na cuairte chun an chlostreoir saor in aisce a oscailt, nó is féidir gléas cinn don chlostreoir a fháil ar cíos ar €2.00. Tá na clostreoracha ar fáil i nGaeilge, Béarla, Gearmáinis, Fraincis, Iodáilis, agus Spáinnis.
Ní gá an deimhniú a fuair tú ar ríomhphost a phriontáil. Is féidir leat an ríomhphost deimhnithe a thaispeáint ar ghléas móibíleach chun dul isteach sa Mhúsaem.
I gcás áirithintí le haghaidh grúpaí de dheichniúr nó níos mó, déan teagmháil lenár n-oifig áirithintí chun rátaí speisialta do ghrúpaí a fháil. Tá turas treoraithe ar fáil freisin, agus is gá é sin a chur in áirithe roimh ré trí theagmháil a dhéanamh leis an oifig áirithintí.
Bíonn saorchead isteach i Músaem Ard-Oifig an Phoist ag cúramóirí agus iad in éineacht le cuairteoir faoi mhíchumas. Tá costas €8.00 ar thicéad do dhuine fásta faoi mhíchumas agus tá costas €6.00 ar thicéad do leanbh (faoi bhun 18 mbliana d’aois) faoi mhíchumas.
Tá an músaem lán-inrochtana ag cathaoireacha rothaí. Tá suíocháin ar fáil ar fud an mhúsaeim. Tá costas €8.00 ar thicéad do dhuine fásta faoi mhíchumas agus tá costas €6.00 ar thicéad do leanbh (faoi bhun 18 mbliana d’aois) faoi mhíchumas.
Ní féidir aisíocaíocht a fháil ar thicéid de réir ár mbeartais chaighdeánaigh maidir le cealú. Má mheasann tú go bhfuil tú i dteideal aisíocaíochta, déan teagmháil linn ar ríomhphost ag info@gpomuseum.ie 24 uair an chloig ar a laghad roimh an gcuairt a chuir tú in áirithe. Sonraigh d’ainm, tagairt na háirithinte, an chúis atá leis an gcealú, agus údar leis an gcúis sin.
Tá fáilte is fiche romhat grianghraif a ghlacadh – an oiread agus a theastaíonn uait! Ceadaítear grianghrafadóireacht chun críche úsáide príobháidí neamhthráchtála mura sonraítear a mhalairt. Ná déan dearmad, áfach, go bhfuil roinnt déantáin luachmhara againn a bhféadfadh solas géar dochar a dhéanamh dóibh. Mar sin, ba cheart an splanc ar an bhfón nó ar an gceamara agat a mhúchadh.
Tá seomra athraithe clúidíní le fáil ar an láthair.
Níl aon áit i Músaem Ard-Oifig an Phoist chun earraí a stóráil, mar sin ná tabhair an iomarca rudaí leat.
Tá an caifé dúnta faoi láthair, ach tá cuid mhór bialanna agus caiféanna éagsúla sa cheantar mórthimpeall.