GPO Exterior (2)

Saorchead isteach do Mhúinteoirí

Teachers Go Free

Saorchead isteach do Mhúinteoirí

Tá Músaem Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath ar an bhfód le 10 mbliana anois. Chun ceiliúradh a dhéanamh air sin, tá ticéid saor in aisce á dtabhairt amach do mhúinteoirí ar mhaith leo cuairt a thabhairt ar an músaem seo a bhfuil réimse duaiseanna bronnta air.

Tá an tairiscint bailí le haghaidh cuairteanna go dtí an 31 Nollaig 2026 agus ní mór ticéid a chur in áirithe roimh ré. Déan teagmháil linn ag info@gpomuseum.ie chun an cód lascaine a fháil.

Baineann an tairiscint seo le cead isteach ginearálta (turas féintreoraithe), agus níl na ticéid bailí le haghaidh turais threoraithe phoiblí.

Do mhúinteoirí ar oileán na hÉireann atá an tairiscint seo. Tabhair faoi deara gur gá do mhúinteoirí cárta aitheantais bailí a thaispeáint ag an músaem.

Gradaim a bronnadh orainn

Trip Advisor Travellers Choice Awards 2024

Tripadvisor: Rogha na dTaistealaithe, Gradaim Tripadvisor

Tá an-áthas orainn gur roghnaíodh muid i measc an 10% is fearr de na rudaí is ceart a dhéanamh ar fud na cruinne in 2024

Failte Ireland P

Gradam Sármhaitheasa Fostóra de chuid Fáilte Ireland, 2024 & 2025

Táimid bródúil as aitheantas a fháil as an tsármhaitheas mar fhostóir i dtionscnamh de chuid Fáilte Ireland

Luigi Micheletti Award

Gradam Luigi Micheletti:
Gradam Micheletti 2017

Aitheantas mar ‘ionad síochána agus athmhuintearais’ ó na moltóirí

Irish Tourism Industry Awards

Gradam Thionscal na Turasóireachta in Éirinn, 2017

An tEispéireas Cultúrtha is fearr (os cionn 100,000 duine)