Ár nGealltanas
Tá Músaem Ard-Oifig an Phoist tiomanta don inrochtaineacht dhigiteach a chinntiú do dhaoine atá faoi mhíchumas. Tá feabhas leanúnach á chur againn ar an eispéireas úsáideoirí do chách agus cuirimid na caighdeáin inrochtaineachta ábhartha i bhfeidhm.
Stádas comhréireachta
Sna Treoirlínte maidir le hinrochtaineacht ábhair ar an nGréasán (WCAG), sainítear ceanglais ar dhearthóirí agus ar fhorbróirí chun an inrochtaineacht a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumas. Is ann do thrí leibhéal comhréireachta: Leibhéal A, Leibhéal AA, agus Leibhéal AAA. Tá www.gpomuseum.ie i gcomhréir go páirteach le WCAG 2.2, leibhéal AA. Ciallaíonn ‘i gcomhréir go páirteach’ nach gcomhlíonann codanna áirithe den inneachar leis an gcaighdeán inrochtaineachta ina iomláine.
Inneachar neamh-inrochtana
An t-inneachar a liostaítear thíos, tá sé neamh-inrochtana ar na cúiseanna seo a leanas:
- Feidhmchláir tríú páirtí: Cuid de na feidhmchláir tríú páirtí atá in úsáid ar an suíomh, níl siad iomlán inrochtana. D’ainneoin ár gcuid iarrachtaí, níl aon smacht againn ar inrochtaineacht na ngnéithe sin.
Córas ceannaigh Ventrata
Aiseolas
Cuirimid fáilte roimh aiseolas ar inrochtaineacht Mhúsaem Ard-Oifig an Phoist. Cuir scéala chugainn má bhíonn bacainní romhat ó thaobh na hinrochtaineachta de:
- Seoladh ríomhphoist: info@gpomuseum.ie
- Uimhir fóin: +353 (0) 1 872 1916
- Foirm ar líne: Teagmháil
Déanaimid iarracht freagra a thabhairt ar aiseolas laistigh de 5 lá oibre.
Sonraíochtaí teicniúla
Bíonn inrochtaineacht Mhúsaem Ard-Oifig an Phoist ag brath ar na teicneolaíochtaí seo a leanas a bheith ag obair i gcomhar leis an teaglaim ar leith den bhrabhsálaí gréasáin agus d’aon teicneolaíocht chúnta nó breiseáin atá suiteáilte ar an ríomhaire agat:
- HTML
- WAI-ARIA
- CSS
- JavaScript
Cur chuige measúnaithe
Rinne Open Design & Digital measúnú ar inrochtaineacht Mhúsaem Ard-Oifig an Phoist de réir an chur chuige seo a leanas:
- Féinmheasúnú
Faomhadh oifigiúil an Ráitis Inrochtaineachta seo
Tá an Ráiteas Inrochtaineachta seo faofa ag:
Brian Casey – Príomhfhorbróir, Open Design & Digital
Dáta
Cruthaíodh an ráiteas seo an 14/04/2025 le hUirlis Ginte Ráitis Inrochtaineachta W3C.