Tuigimid go bhfuil tábhacht le do phríobháideachas agus caithfimid mar fhaisnéis rúnda le haon fhaisnéis phearsanta a thugann tú dúinn. Ní dhéanfar an fhaisnéis sin a úsáid ná a thaifeadadh ach amháin i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, 2018. Caithfimid mar fhaisnéis rúnda leis an bhfaisnéis phearsanta ar fad a thugann tú dúinn nuair a chláraíonn tú linn tríd an áis ar an suíomh gréasáin seo. Áirítear leis sin d’ainm, seoladh, seoladh ríomhphoist, uimhir nó uimhreacha fóin, inscne, dáta breithe agus sonraí bainc.

Tabhair faoi deara go dtoilíonn tú leis an mbeartas príobháideachais atá leagtha amach thíos nuair a fhéachann tú ar an suíomh gréasáin seo, nuair a dhéanann tú rochtain air agus/nó nuair a úsáideann tú é. Léigh an ráiteas príobháideachais seo go cúramach.

Más rud é nach dtoilíonn tú le haon ghné den ráiteas príobháideachais seo, nó mura bhfuil tú ar do chompord le haon ghné de, éirigh as an suíomh gréasáin seo a úsáid nó déan teagmháil le Músaem Ard-Oifig an Phoist ag na sonraí teagmhála a shonraítear ar an suíomh gréasáin seo.

Baineann an ráiteas seo lenár gcleachtais phríobháideachais i ndáil le bailiú agus scaipeadh faisnéise a bhailítear tríd an suíomh gréasáin seo. D’fhéadfadh sé go dtabharfaimis ár mbeartais chun dáta ó am go ham trí leagan nua a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin, mar sin seiceáil go rialta chun eolas a chur ar nuashonruithe.

Nílimid freagrach as inneachar ná cleachtais phríobháideachais suíomhanna gréasáin eile, agus níl aon srian againn orthu sin. Sainaithnítear go soiléir naisc sheachtracha chuig suíomhanna gréasáin eile.

Ráiteas ginearálta príobháideachais

Tá meas ag Músaem Ard-Oifig an Phoist ar do cheart chun príobháideachais agus ní bhaileofar aon fhaisnéis phearsanta ar an suíomh gréasáin seo gan cead soiléir a fháil uait. Ní cheanglaímid ort faisnéis phearsanta a thabhairt mura mian leat leas a bhaint as gnéithe nó seirbhísí dár gcuid.

Ní bhailíonn Músaem Ard-Oifig an Phoist aon fhaisnéis phearsanta ar an suíomh gréasáin seo, cé is moite d’fhaisnéis a thugann tú de do dheoin féin, mar shampla trí ríomhphost a sheoladh chuig Músaem Ard-Oifig an Phoist nó trí chuntas a chlárú linn.

Aon fhaisnéis a thugann tú ar an gcaoi sin, ní nochtann Músaem Ard-Oifig an Phoist an fhaisnéis sin d’aon tríú páirtí gan toiliú uait (mura gceanglaítear orainn nó mura gceadaítear dúinn faisnéis den sórt sin a nochtadh de réir dlí) agus úsáideann Músaem Ard-Oifig an Phoist an fhaisnéis sin chun na gcríoch seo a leanas: (i) an chríoch dár thug tú an fhaisnéis agus aon chríoch theagmhasach réasúnta; (ii) críocha fíoraithe (lena n-áirítear fíorú sonraí cárta creidmheasa agus cárta muirir eile); (iii) críocha margaíochta agus riaracháin; (iv) faisnéis ábhartha a thabhairt duit i ndáil leis na seirbhísí a sholáthraítear ar an suíomh gréasáin seo; agus (iv) fiacha a bhailiú. Féadfar faisnéis phearsanta a anaithnidiú agus a úsáid chun críoch staidrimh freisin.

Aithníonn tú agus toilíonn tú go bhféadfaí go gcuirfí de cheangal orainn faisnéis phearsanta a thugann tú dúinn a nochtadh do thríú páirtithe in imthosca áirithe, mar shampla chun bheith i gcomhréir le ceanglais dlí nó chun próiseas dlí a chomhlíonadh, chomh maith le cearta Mhúsaem Ard-Oifig an Phoist a chosaint.

Cearta cosanta sonraí

Tá sé de cheart agat déanamh amach cibé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leat á sealbhú ag Músaem Ard-Oifig an Phoist. Tá sé de cheart agat freisin cur síos ar an bhfaisnéis sin a fháil agus a bheith ar an eolas faoin gcuspóir nó faoi na cuspóirí atá le sealbhú na faisnéise sin. Ní mór an t-iarratas sin a dhéanamh i scríbhinn agus ní ghearrfar táille air.

Tá sé de cheart agat cóip a fháil de na sonraí pearsanta a thug tú tríd an suíomh gréasáin seo agus atá á sealbhú ag Músaem Ard-Oifig an Phoist.

Clárú dár nuachtlitir ar ríomhphost

Is féidir leat clárú am ar bith ar an suíomh gréasáin chun an nuachtlitir ar ríomhphost a fháil.

Má chláraíonn tú don nuachtlitir ar ríomhphost, úsáidfimid an fhaisnéis phearsanta a bhailímid fút chun nuachtlitreacha ar ríomhphost a sheoladh chugat ina mbeidh nuacht agus táirgí promóisin ábhartha. Sealbhaítear an fhaisnéis sin i gcomhréir le RGCS.

Tá sé de cheart agat iarraidh orainn ag am ar bith éirí as faisnéis mhargaíochta a sheoladh chugat. Is féidir leat roghnú gan na nuachtlitreacha ar ríomhphost a fháil am ar bith ach díchlárú ar an suíomh gréasáin.

Seachfhoinsiú

Má dhéanann Músaem Ard-Oifig an Phoist feidhmeanna áirithe i ndáil le próiseáil faisnéise pearsanta a sheachfhoinsiú chuig tríú páirtithe, déanfar an seachfhoinsiú sin de réir comhaontú i scríbhinn idir Músaem Ard-Oifig an Phoist agus an tríú páirtí ábhartha agus i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, 2018. Go háirithe, ceanglófar leis an gcomhaontú i scríbhinn ar an tríú páirtí bearta slándála leormhaithe a chur i bhfeidhm agus gan próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta ach amháin faoi réir threoracha Mhúsaem Ard-Oifig an Phoist agus i gcomhréir leis na treoracha sin.

Dlí na hÉireann agus an dlí Eorpach

Tá an ráiteas príobháideachais seo agus gach ábhar a bhaineann leis an suíomh gréasáin seo faoi rialú ag dlí na hÉireann agus ag an dlí Eorpach.

Fístaifeadadh agus grianghrafadóireacht

Ó am go chéile, féadfaidh an Chuideachta nó tríú páirtithe údaraithe eile tabhairt faoi ghrianghrafadóireacht agus/nó fístaifeadadh agus/nó monatóireacht eile sa Mhúsaem ina mbeadh cuairteoirí le feiceáil nó le cloisteáil. Cuir in iúl do dhuine den fhoireann más rud é nach mian leat a bheith san fhístaifeadadh ná sna grianghraif sin.