2:30PM - Dé hAoine 26 Meitheamh agus 10:30AM - Dé Sathairn 27 Meitheamh
Íomhánna Suímh Ghréasáin Turas Pride

Is trí Bhéarla amháin a chuirtear an turas seo ar fáil.

Ceiliúir rannchuidiú phobal LGBTQ+ i streachailt na hÉireann ar son neamhspleáchais linn in Ard-Oifig an Phoist le haghaidh Bród Bhaile Átha Cliath!

Sa turas treoraithe speisialta seo, scrúdófar saolta, caidrimh agus róil phobail nach n-aithnítear a thionchar ar stair na hÉireann go minic.

Tabharfaidh do threoraí léargas duit ar na deacrachtaí a bhí roimh dhaoine aeracha sa 20ú haois agus ar an gcaoi nach féidir a n-iarrachtaí i dtreo neamhspleáchas agus comhionannas na hÉireann a mheas faoina luach. Faigh amach na daoine a mhúnlódh réabhlóid na hÉireann agus a leanfadh orthu ag éirí amach in aghaidh na gcóras a bhí i bhfeidhm i bhfad i ndiaidh neamhspleáchas a bhaint amach.

Tá ár dtuiscint ar an bpobal LGBTQ+ agus ár dteanga a bhaineann leis forbartha go suntasach ó thús an 20ú haois agus déanfar iarracht ar an turas seo, atá taighde go speisialta, a bheith cuimsitheach agus teorainneacha an phobail le linn na tréimhse seo a chur in iúl ag an am céanna.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil cur síos ar fhoréigean san áireamh sa turas seo agus go mb’fhéidir nach mbeadh sé oiriúnach do leanaí faoi bhun 12 bliana d’aois.

Íomhánna le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.