23 Márta – 31 Lúnasa
Tá ríméad ar Mhúsaem Ard-Oifig an Phoist an taispeántas iomráiteach ‘Banlaochra na Síochána’ a chur i láthair ón 23 Márta go dtí an 31 Lúnasa. Herstory Education Trust i gcomhpháirtíocht le National Museums NI agus leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha a sheol an taispeántas den chéad uair in 2022.
Déanann an taispeántas seo ceiliúradh ar ról lárnach na mban sa phróiseas síochána i dTuaisceart Éireann. Ó seoladh é, cuireadh an taispeántas seo ar siúl ag Tionól Thuaisceart Éireann in Stormont, ag Ambasáid na hÉireann sa Ríocht Aontaithe, ag Comhdháil na Stát Aontaithe in Washington DC agus ag na Náisiúin Aontaithe i Nua-Eabhrac.
Féach www.peaceheroines.org chun tuilleadh eolais a fháil ar an taispeántas.