Déan ceiliúradh ar Bhród 2026 le himeacht breá nua ‘Caife agus Dathadóireacht’ i Músaem Ard-Oifig an Phoist!
Tabharfar leathanaigh dhathadóireachta i stíl cártaí tarot do rannpháirtithe. Ar na cártaí sin, beidh 6 dhearadh dhifriúla ina léireofar daoine stairiúla ón bpobal LADTIA+ in Éirinn. Tabharfaidh na héascaitheoirí míniú ar gach aon chárta, ar a mbrí, a siombalachas agus a n-ábharthacht don duine atá léirithe, agus ar an gcaoi sin spreagfar plé deas réchúiseach le linn an imeachta. Fíor-ealaíontóirí a chruthaigh gach aon cheann de na léirithe. Cuirfear pionsailí dathadóireachta ar fáil.
Beidh an t-imeacht ar siúl Dé Sathairn an 13 Meitheamh 2026 sa Chistin Ghlas, an caifé s’againne i Músaem Ard-Oifig an Phoist. Mairfidh an t-imeacht thart ar dhá uair an chloig ó 10:30 a.m. go 12:30 p.m. Beidh an t-imeacht oiriúnach do dhaoine i cathaoireacha rothaí, agus tá teorainn dháréag ar líon na n-áiteanna.
Tá costas €20 in aghaidh an duine ar thicéad, agus cuimsítear leis an ticéad cupán tae nó caife scagaire agus rogha cístí beaga ón gCistin Ghlas, mar aon le cead isteach sa mhúsaem féin.
Ní gá aon taithí ar chúrsaí ealaíne, níl ag teastáil ach fonn spraoi!