Tar linn ar an turas speisialta seo i Músaem Ard-Oifig an Phoist nuair a fhéachfaimid ar shaol éachtach Mhíchíl Uí Choileáin.
103 bliana tar éis a bháis, meastar go raibh Mícheál Ó Coileáin ar dhuine de na pearsana ba thábhachtaí sa troid chun saoirse na hÉireann a bhaint amach. Tá turas speisialta á chur ar siúl againn cothrom lae a bháis chun comóradh a dhéanamh ar a shaol.
Ar an turas beidh tú ag taisteal lenár dtreoraí turas trí:
- a óige
- an ról a bhí aige in Éirí Amach 1916
- a ardú céime go poist chumhachta le linn Chogadh na Saoirse
- ráig an Chogaidh Chathartha
- a bhás i mBéal na Bláth ar an 22 Lúnasa 1922 agus an tionchar a bhí aige seo ar thodhchaí na hÉireann
Tá an turas seo tiomnaithe do shaol Uí Choileáin agus don mhéid a bhain sé amach, agus inseofar scéal a oidhreachta do na cuairteoirí. Beidh deis ag cuairteoirí féachaint ar dhéantáin sa Mhúsaem ó thréimhsí éagsúla dá shaol, ón uair a chuaigh sé isteach sa Chumann Lúthchleas Gael agus é ina fhear óg go dtí a ról mar lánchumhachtach le linn na hidirbheartaíochta don chonradh i Londain in 1921.
Tabhair faoi deara go mb’fhéidir nach mbeidh an turas seo oiriúnach do leanaí faoi aois 12 bhliain.
Íomhánna le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉirean.