Is é an 24 Bealtaine cothrom an lae a tháinig deireadh le Cogadh na gCarad, cogadh brúidiúil a d’fhág rian marthanach ar an tsochaí in Éirinn. 

Bí inár gcomhar ag Músaem Ard-Oifig an Phoist le haghaidh an turais threoraithe speisialta seo chun comóradh a dhéanamh ar an gcoinbhleacht mhillteach sin. Goilleann sé orainn cuimhneamh ar an gcogadh sin uaireanta, ach níor cheart dearmad a dhéanamh ar an lorg a d’fhág sé ar Éirinn féin agus orthu siúd a bhí páirteach ann.

Tabharfaidh an treoraí léargas duit ar fhréamhacha sóisialta, polaitiúla agus eacnamaíocha an chogaidh agus ar conas a tháinig sé chun cinn tar éis Éirí Amach na Cásca agus Chogadh na Saoirse. Cuir eolas ar na himeachtaí agus ar an deighilt pholaitiúil a tharraing teaghlaigh, cairde agus iar-chomrádaithe ó chéile. Foghlaim faoi conas mar a tháinig daoine chun bheith ar thaobhanna éagsúla den chath go tobann. Bhain an cath sin lena raibh i gceist le saoirse agus neamhspleáchas na hÉireann, agus lenar cheart a bheith i gceist leis sin, dar leo.

Ní mór áiteanna a chur in áirithe mar tá teorainn ar líon na dticéad. Rinneadh taighde speisialta don turas seo a mhairfidh tuairim is uair an chloig, agus is féidir le cuairteoirí cuairt a thabhairt ar an músaem agus dul isteach sa chaifé ar a suaimhneas tar éis an turais.  Is ann do bhreis is 100 déantán, mar aon le scáileáin tadhaill idirghníomhacha agus eispéireas scannáin tumthach ar fiú féachaint orthu! 

Tabhair faoi deara go labhrófar faoin bhforéigean ar an turas seo agus go bhféadfadh sé nach mbeadh an turas oiriúnach do pháistí faoi 12 bhliain d’aois.

Íomhánna le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann