
Ainm atá in Éamon de Valera atá fite fuaite in Éirinn san fhichiú haois. Bí linn ag Músaem Ard-Oifig an Phoist, áit a ndéanfaimid plé ar shaol, ar leagáid, agus ar chuimhne Éamon de Valera ar chomóradh caoga bliain a bháis. Tar éis dó tabhairt faoin staidéar agus an spórt go dícheallach i rith a óige, tráth a raibh sé beo bocht agus scartha óna mháthair, rinne an t-ábhar múinteora matamaitice a chéad iarracht tabhairt faoi pholaitíocht náisiúnach na hÉireann nuair a ghlac sé le ballraíocht d’Óglaigh na hÉireann pharaimíleata in 1913.
Le linn dá shaol agus dá ghairm ón tráth sin amach bhain sé ceannaireacht amach ar réabhlóid na hÉireann, rinneadh ceann an rialtais de ar feadh tréimhse iomlán breis agus fiche bliain, agus chaith sé dhá théarma in Áras an Uachtaráin. Cé go mbeadh súil leis go gcinnteodh a leithéid de curriculum vitae go mbainfeadh sé áit shuntasach amach sna taifid staire, tá saol agus leagáid Éamon de Valera casta go leor agus leanann sé de bheith ar dhuine de na daoine is dúrúnda i nua-stair na hÉireann. Cén fáth é sin?
Fiosrófar sa turas treoraithe seo saol Éamon de Valera, idir a thógáil aníos faoin tuath i Luimneach, na heachtraí a bhain leis in Éirí Amach 1916, a théarma i dTeach Laighean agus rudaí eile ina measc. Cuirfear deis ar fáil tionchar shaol agus ghairm bheatha Éamon de Valera ar fhorbairt na Éireann sa Nua-aois a mheas, chomh maith le deis chun plé a dhéanamh ar conas a tháinig forbairt ar a íomhá i gcuimhne na ndaoine óna bhás i leith – agus ar an bhforbairt a d’fhéadfadh teacht ar an íomhá sin as seo amach.
Caithfear áit a chur in áirithe mar gheall go bhfuil áiteanna teoranta. Mairfidh an turas seo a ndearnadh taighde ar leith air thart ar 1 uair an chloig agus 15 nóiméad. Beidh fáilte roimh phátrúin taitneamh a bhaint as ár dtaispeántas ar a gcaoithiúlacht féin i ndiaidh an turais. Beidh go leor déantán, scáileáin idirghníomhacha, agus fiú scannán ann le fiosrú!
Tabhair faoi deara go mb’fhéidir nach mbeidh an turas seo oiriúnach do leanaí faoi aois 12 bhliain.
Íomhá le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI)