
Bí linn i Músaem Ard-Oifig an Phoist don turas speisialta seo agus cuimhneamh á dhéanamh againn ar na daoine a ghlac páirt sa Chéad Chogadh Domhanda.
I Meán Fómhair 1914, thug an Eoraip léim isteach sa dorchadas nuair a fógraíodh cogadh. Bhí roghanna deacra roimh mhuintir oileán na hÉireann; páirt a ghlacadh san iarracht chogaidh agus tacú le hImpireacht na Breataine, nó tapú leis an deis a chuir an cogadh i láthair agus troid ar son na hÉireann chun an tír a bhí uathu a bhaint amach.
I gcás daoine áirithe, trí chlárú don iarracht chogaidh mar shaighdiúirí, mar altraí nó mar oibrithe monarchan, ligeadh dóibh tacú lena dteaghlaigh ó thaobh airgeadais de. I gcás daoine eile, trí chlárú don iarracht chogaidh tugadh deis dóibh dul ag eachtraíocht agus an domhan mór a fheiceáil. Theastaigh ó dhaoine eile cabhair a thabhairt do náisiúin bheaga eile, ar nós na Beilge. Ag an am céanna, bhí thart ar 50,000 Éireannach ina mbaill de reisimintí éagsúla i bhfórsaí armtha na Breataine ar fud an domhain. Bhí sé beartaithe le tamall Rialtas Dúchais a bhunú i mBaile Átha Cliath agus bhí grúpaí armtha tar éis teacht le chéile, cuid díobh i dtaca leis an Rialtas Dúchais, agus cuid eile díobh ina choinne. Mhionnaigh Óglaigh na hÉireann go gcosnóidís Rialtas Dúchais go héag; mhionnaigh Óglaigh Uladh go gcuirfidís stop iomlán lena bhunú in Ulaidh. Nuair a thosaigh an cogadh, áfach, cuireadh Rialtas Dúchais ar athlá. An cheist a bhí roimh na saighdiúirí baile seo ná an bhfanfaidís in Éirinn, nó an rachaidís chun na hEorpa, agus cén tionchar a bheadh ag an gcinneadh sin ar a dtodhchaí féin agus ar thodhchaí na hÉireann.
Bí linn i Músaem Ard-Oifig an Phoist chun scéalta na nÉireannach sin, idir fhir agus mhná, a ghlac páirt sa Chéad Chogadh Domhanda a chloisteáil ó do threoraí, scéalta faoina ngníomhartha le linn an chogaidh agus a saol ina dhiaidh san áireamh. Gheofar léargas ar thionchar Éirí Amach na Cásca ar na daoine seo agus ar an gcaoi a gcuimhnítear orthu sa lá atá inniu ann, ní hamháin in Éirinn ach sna tíortha sin inar throid siad ar fud na hEorpa.
Is riachtanach áirithint a dhéanamh toisc nach bhfuil ar fáil ach líon teoranta áiteanna. Mairfidh an turas seo, a ndearnadh taighde speisialta air, thart ar uair an chloig agus tá fáilte roimh phátrúin taitneamh a bhaint as ár dtaispeántas ar a suaimhneas féin i ndiaidh an turais. Tá neart déantán, scáileáin idirghníomhacha agus fiú scannán le feiceáil ann!
Íomhá den Chéad Chogadh Domhanda: Fórsaí Mheiriceá sa Fhrainc le caoinchead Riarachán Chartlann agus Taifid Náisiúnta na Stát Aontaithe.