Dé Máirt 31 Márta 2026 - 2:30PM-3:45PM

Trí ghnéithe de stair na n-éadaí, stair an tsaothair, agus stair na healaíne a fhí le chéile, féachann an turas speisialta seo ar an úsáid a bhaintí as éadaí le linn thréimhse an Éirí Amach.

Bí linn ag Músaem Ard-Oifig an Phoist agus féachfaimid ar stair na n-éadaí in Éirinn agus ar fhorbairt na staire sin le himeacht aimsire, ar an úsáid a bhaineadh reibiliúnaigh áirithe as éadaí chun saoirse na hÉireann a chur chun cinn, agus ar an nasc a bhí idir é sin agus an troid ar son cearta oibrithe. Dlúthchuid den ghnáthshaol atá in éadaí, agus cabhraíonn siad linn tuiscint a fháil ar an tsochaí, ar an gcultúr, agus ar an bpolaitíocht.

Tabhair faoi deara go labhrófar faoin bhforéigean ar an turas seo agus go bhféadfadh sé nach mbeadh an turas oiriúnach do pháistí faoi 12 bhliain d’aois.

Íomhánna le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann