Tá 110 bliain caite ó Éirí Amach na Cásca 1916, agus tá deich mbliana imithe ó osclaíodh Músaem Ard-Oifig an Phoist mar an chéad mhúsaem i mBaile Átha Cliath a bhaineann go sonrach leis an Éirí Amach féin agus leis an tréimhse réabhlóideach sin go ginearálta. Mar sin féin, tháinig athrú ollmhór le linn an ama sin ar an gcaoi a ndéanaimid ceiliúradh ar na himeachtaí sin agus orthu siúd a bhíonn á gceiliúradh againn. Bhí dearcthaí éagsúla ann ag pointí ama éagsúla maidir le conas is ceart tabhairt faoin gcuimhneamh ar bhunú an stáit agus faoin gcomóradh a dhéantar air sin.
Bí i gcomhar le treoraithe turais ardoilte Mhúsaem Ard-Oifig an Phoist agus machnamh á dhéanamh acu ar an gcur chuige a bhíonn acu féin chun taighde a dhéanamh ar imeachta casta sin na staire agus chun na himeachtaí sin a léiriú san am i láthair. Trí shraith cainteanna ina bhféachfar ar théamaí éagsúla (mar shampla cúrsaí inscne, an ghnéasacht, agus an iarsmalannaíocht), tabharfaidh treoraithe an Mhúsaem deis chun machnamh a dhéanamh ar chuid de na dúshláin a bhí le sárú acu agus taighde á dhéanamh ar na himeachtaí sin. Beidh deis ann freisin smaoineamh faoina mbeidh i gceist leis an staidéar sin amach anseo.
Íomhá le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.