Dé Sathairn 6 Meán Fómhair - 12PM
Website Images Saving the City Tour

Bí linn ag Músaem Ard-Oifig an Phoist fad a dhéanfaimid comóradh, seachas troid ar son taobh amháin nó taobh eile i dtréimhse réabhlóideach na hÉireann, orthu siúd a bhí ag streachailt chun saol daoine a thabhairt slán i rith an fhoréigin.

Díreofar sa turas seo a ndearnadh taighde ar leith air ar Éirí Amach 1916 agus léireofar conas a thug na seirbhísí éagsúla leighis éigeandála a bhí ar bun in Éirinn ag an tráth, idir sheirbhísí gairmiúla agus deonacha, aghaidh ar an mborradh mór gan choinne faoi fhoréigean a raibh Cathair Bhaile Átha Cliath thíos leis i rith Sheachtain na Cásca 1916.

Díreofar go príomha sa turas seo ar a mhéid a fágadh idé-eolaíocht pholaitiúil agus reiligiúnach, ar díríodh orthu go han-mhinic i stair na hÉireann, ar leataobh fad a thug na céadta foirne leighis, oibrithe deonacha, agus daoine eile nach raibh bainteach sa troid faoi na sráideanna chun cabhrú le saol daoine a thabhairt slán.

Caithfear áit a chur in áirithe mar gheall go bhfuil áiteanna teoranta. Mairfidh an turas seo a ndearnadh taighde ar leith air thart ar uair an chloig, agus beidh fáilte roimh phátrúin taitneamh a bhaint as ár dtaispeántas agus ár gcaifé ar a gcaoithiúlacht féin i ndiaidh an turais. Beidh go leor déantán, scáileáin idirghníomhacha, agus fiú scannán ann le fiosrú!

Tabhair faoi deara go mb’fhéidir nach mbeidh an turas seo oiriúnach do leanaí faoi aois 12 bhliain.

Íomhá le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI)