Dé hAoine, 22 Lúnasa 2025 ag 2.30 i.n.
Website Images Michael Collins Tour(800 x 600 px)

Tar linn ar an turas speisialta seo i Músaem Ard-Oifig an Phoist nuair a fhéachfaimid ar shaol éachtach Mhíchíl Uí Choileáin.

103 bliana tar éis a bháis, meastar go raibh Mícheál Ó Coileáin ar dhuine de na pearsana ba thábhachtaí sa troid chun saoirse na hÉireann a bhaint amach. Tá turas speisialta á chur ar siúl againn cothrom lae a bháis chun comóradh a dhéanamh ar a shaol.

Tá an turas seo tiomnaithe do shaol Uí Choileáin agus don mhéid a bhain sé amach, agus inseofar scéal a oidhreachta do na cuairteoirí. Beidh deis ag cuairteoirí féachaint ar dhéantáin sa Mhúsaem ó thréimhsí éagsúla dá shaol, ón uair a chuaigh sé isteach sa Chumann Lúthchleas Gael agus é ina fhear óg go dtí a ról mar lánchumhachtach le linn na hidirbheartaíochta don chonradh i Londain in 1921.

Íomhánna le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann