Déan ceiliúradh ar an gcéad taibhiú de The Plough and the Stars in Amharclann na Mainistreach ag Músaem Ard-Oifig an Phoist leis an turas speisialta seo faoi stair na hamharclainne agus faoin ról mór a bhí ag an amharclann sa troid chun saoirse na hÉireann a bhaint amach.
Tabharfaidh an turas seo léargas iontach duit ar an saol cultúrtha réabhlóideach agus ar shaol na healaíne i mBaile Átha Cliath go luath sa 20ú haois.
Cuirfidh tú eolas ar dhaoine tábhachtacha mar shampla William Butler Yeats, an Bhantiarna Augusta Gregory agus John Millington Synge mar aon leis an athmhúnlú a rinne siad ar an gcaoi a gcuirtí an fhéiniúlacht Éireannach i láthair ar an stáitse in Éirinn féin agus timpeall na cruinne.
Gheobhaidh tú eolas ar na haisteoirí, na scríbhneoirí agus na daoine a bhíodh ag obair san amharclann agus a chruthaigh réabhlóid ar an stáitse, agus a ghlac an cinneadh “to live the things that I have before imagined” le linn sheachtain na Cásca, 1916. Cuirfimid eolas ar an gcaoi a ndeachaigh a ngníomhartha i bhfeidhm ar a saol féin agus ar Éirinn trí chéile. Faigh amach cén t-aisteoir ar thug údaráis na Breataine “an bhean is contúirtí in Éirinn uirthi”, agus cén t-aisteoir ar chuir Seán O’Casey síos air mar “young and maybe dangerous… for, like Robespierre, he believes everything he says”, agus cén fáth.
Cuir eolas ar oidhreacht Amharclann na Mainistreach sa cheiliúradh a dhéantar ar Éirí Amach 1916 agus ar imeachtaí eile den sórt sin, agus maidir le himeachtaí den sórt sin a cheistiú, agus cuir eolas freisin ar na haisteoirí a raibh ról ríthábhachtach sa choimhlint acu. Tabharfaidh an turas seo cuairteoirí tríd an Músaem, agus díreofar ar íomhánna agus ar dhéantáin atá ábhartha maidir leis na daoine éagsúla a raibh baint acu le bunú amharclann náisiúnta na hÉireann agus féachfar freisin ar na róil a bhí acu chun Éire mar atá anois a mhúnlú.
Ní mór áiteanna a chur in áirithe mar tá teorainn ar líon na dticéad. Rinneadh taighde speisialta don turas seo a mhairfidh tuairim is uair an chloig, agus is féidir le cuairteoirí féachaint ar an taispeántas sa mhúsaem ar a suaimhneas tar éis an turais. Is ann do chuid mhór déantán, scáileáin idirghníomhacha, agus fiú amháin scannán ar fiú féachaint orthu!
Íomhánna le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann