Déan ceiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na Músaem ag Músaem Ard-Oifig an Phoist agus téigh ar thuras treoraithe speisialta ar a léireofar na bealaí ina spreagann músaeim daoine ar gach aois eolas a chur ar an am a chuaigh thart.

Tá músaeim ar an mbealach is dírí chun eolas a chur ar an am sin agus chun an stair a thuiscint. Cruthaíonn sé sin deiseanna agus dúshláin ar leith nuair a dhéantar iniúchadh ar stair chasta chun í a chur ar fáil go héasca do gach duine. Bainfidh an turas treoraithe speisialta seo úsáid as Músaem Ard-Oifig an Phoist agus as na taispeántais ann chun léiriú a thabhairt ar na huirlisí agus ar na modhanna a bhíonn in úsáid i músaeim lena chinntiú gur féidir le gach duine ceangal a dhéanamh leis an am a chuaigh thart agus na daoine a mhair san am sin, is cuma cén t-eolas atá ag duine roimhe sin!

Mairfidh an t-imeacht tuairim is uair agus ceathrú. Ní mór áiteanna a chur in áirithe mar tá teorainn ar líon na dticéad. Is féidir le cuairteoirí féachaint ar an taispeántas sa mhúsaem agus dul isteach sa chaifé ar a suaimhneas tar éis an turais. Is ann do chuid mhór déantán, scáileáin idirghníomhacha, agus fiú amháin scannán ar fiú féachaint orthu!