
Déan iniúchadh ar Éirí Amach 1916 agus ar mhór-imeachtaí nua-stair na hÉireann in éineacht le duine dár dtreoraithe. Téigh ar aistear mothúchánach ina gcuirtear beocht i ndaoine agus i scéalta na linne sin.
Cuirfidh tú eolas ar scéal na mór-imeachtaí a mhúnlaigh nua-stair na hÉireann ar an turas seo. Ina measc siúd, tá Éirí Amach 1916, Cogadh na Saoirse, an Conradh Angla-Éireannach, Cogadh na gCarad, na Trioblóidí agus an próiseas síochána i dTuaisceart Éireann ina dhiaidh sin suas go dtí síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta in 1998.
Maireann turas Rebel Rising thart ar uair an chloig. Is féidir le cuairteoirí féachaint ar an bpríomhscannán agus ar an músaem trí chéile ar a suaimhneas ina dhiaidh sin.
Ar siúl: ar an Luan, ar an Máirt agus ar an Satharn ag 2:30 p.m. (ní bhíonn an músaem ar oscailt ar laethanta saoire poiblí)