Dé hAoine 5 Nollaig - 2:30PM & Dé Sathairn 6 Nollaig - 12PM

Is trí Bhéarla amháin a chuirtear an turas seo ar fáil.

Bí in éineacht linn ag Músaem Ard-Oifig an Phoist i mí na Nollag chun comóradh a dhéanamh ar shíniú an Chonartha, agus foghlaim faoin tréimhse roimh an síniú agus faoi na straitéisí a bhí ag na poblachtaigh agus ag rialtas na Breataine araon, agus féachaint an raibh an conradh chomh maith is a ceapadh a bheadh ag an am.

Is beag doiciméad a tharraing an oiread céanna conspóide i stair na hÉireann is a tharraing an ‘Conradh’. Na hAirteagail Chomhaontaithe le haghaidh Conartha idir an Bhreatain Mhór agus Éire a thugtar ar an gConradh Angla-Éireannach go foirmiúil, agus síníodh é an 6 Nollaig 1921. Rinneadh tiarnas d’Impireacht na Breataine de na sé chontae fichead, go bunúsach, agus bhí a rialtas féin ag an gcuid sin d’Éirinn, mar aon le smacht ar na fórsaí armtha agus deis cúrsa a leagan di féin ar an ardán domhanda.

Mar sin féin, bheadh seilbh ag saighdiúirí na Breataine ar roinnt calafort ar an oileán i gcónaí, agus b’éigean do gach aon duine de rialtas na hÉireann mionn dílseachta do mhonarcacht na Breataine a thabhairt. Ar an ábhar sin, mheas cuid mhór de na daoine a bhí ag troid ar son na saoirse leis na blianta gurbh fheall a bhí sa socrú sin ar na haidhmeanna go léir a bhí acu ó roimh Éirí Amach 1916 fiú amháin.

Mheas daoine eile, áfach, gur chéim mhór a bhí sa chonradh sin ar an aistear i dtreo saoirse iomlán a bhainfí amach de réir a chéile agus, thar aon rud eile, go gcuirfeadh an conradh deireadh leis an bhforéigean a bhí ag ciapadh na tíre le deich mbliana. Tharraing an deighilt sin gluaiseacht aontaithe dá chéile agus ba í ba chúis le cogadh cathartha a bhfuil a thionchar le sonrú i gcónaí in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Ní mór áiteanna a chur in áirithe mar tá teorainn ar líon na dticéad. Rinneadh taighde speisialta don turas seo a mhairfidh tuairim is uair an chloig, agus is féidir le cuairteoirí féachaint ar an taispeántas sa mhúsaem ar a suaimhneas tar éis an turais. Is ann do chuid mhór déantán, scáileáin idirghníomhacha, agus fiú amháin scannán ar fiú féachaint orthu!

Tabhair faoi deara go bhféadfadh sé nach mbeadh an turas seo oiriúnach do pháistí faoi 12 bhliain d’aois.

Grianghraif le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.