Dé Sathairn, an 25 Aibreán 2026 12PM-2PM

Tá dlúthnasc idir Éirí Amach 1916 agus nua-stair na hÉireann, agus tá tionchar an Éirí Amach le sonrú i gcónaí sa lá atá inniu ann in Éirinn féin agus níos faide i gcéin. Mar sin féin, tá athrú ó bhonn tagtha le 110 bliain anuas ar an gcaidreamh atá againn leis an imeacht sin agus lena thionchar. Ceisteanna faoin gcaoi a gcuimhnítear ar na himeachtaí sin inniu agus faoi na daoine a gcuimhnítear orthu, bhí freagraí éagsúla ar na ceisteanna sin le himeacht ama.

Is imeacht painéil é Cuimhneamh ar an Éirí Amach a bheidh ar siúl i Músaem Ard-Oifig an Phoist chun ceiliúradh a dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca a thit amach 110 bliain ó shin agus chun comóradh a dhéanamh ar oscailt Mhúsaem Ard-Oifig an Phoist don phobal 10 mbliana ó shin. Tabharfar le chéile lucht léinn agus forbróirí músaem le haghaidh sraith cainteanna agus machnamh ar fhorbairt na cuimhne ar Éirí Amach na Cásca i measc an phobail in Éirinn, agus ar an tionchar a bhí aige sin ar fhorbairt Mhúsaem Ard-Oifig an Phoist féin.

Labhróidh an tOllamh Fearghal McGarry ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste (QUB) ar an athrú atá tagtha ar chaidreamh an phobail le hÉirí Amach na Cásca agus leis an gcuimhne air ó aimsir an Éirí Amach i leith.

Agus í ag díriú ar mhná agus ar an bhforéigean inscnebhunaithe, déanfaidh an Dr Mary McAuliffe ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, plé ar ghnéithe áirithe den Éirí Amach a dtugtar neamhaird orthu go minic agus comóradh á dhéanamh ar an tréimhse sin.

Ag 12 meán lae a chuirfear tús leis na cainteanna. Beidh réamhrá gairid roimh gach caint, agus mairfidh na cainteanna thart ar leathuair an chloig ina dhiaidh sin. Seisiún ceisteanna agus freagraí a bheidh sa chuid eile den am, agus tiocfaidh deireadh leis an ócáid ag 2 p.m. Tá saorchead isteach san imeacht seo mar cheiliúradh ar chomóradh deich mbliana Mhúsaem Ard-Oifig an Phoist, ach is gá ticéad a chur in áirithe chun an lucht freastail a bhainistiú. Ní thugtar saorchead isteach ar an músaem féin le ticéad don imeacht seo, áfach.

Tá lánchead ag cuairteoirí dul isteach sa Chistin Ghlas, an caifé s’againne, tar éis an imeachta.

Íomhá le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI)