Bí linn do Fhéile Brid ag Músaem Ard-Oifig an Phoist chun ceiliúradh a dhéanamh ar na hÉireannaigh mná a d’athraigh stair na hÉireann in 1916 agus ina dhiaidh sin.
Ar an turas speisialta seo, cuirfidh tú eolas ar na mná a rinne a míle dícheall chun Éire nua a chruthú ina mbeadh meas cothrom ar mhuintir na tíre go léir. Cuir eolas as an nua ar shaol agus ar ghlór na mban a throid ar son a saoirse féin agus ar son shaoirse na hÉireann araon.
Tabharfaidh an turas seo léargas duit ar na mná a mhúnlaigh cultúr, sochaí agus polaitíocht na hÉireann le 100 bliain anuas. Cuir eolas ar an ngluaiseacht ar son ceart vótála, ar an ngluaiseacht lucht oibre agus ar an ngluaiseacht phoblachtach, ar an Athbheochan Chultúrtha, agus ar na mná a bhí páirteach sna gluaiseachtaí sin go léir. Cuirfidh tú eolas freisin ar an athrú a tháinig ar ról na mban agus ar a n-áit sa tsochaí
Ní mór áiteanna a chur in áirithe mar tá teorainn ar líon na dticéad. Rinneadh taighde speisialta don turas seo a mhairfidh tuairim is uair an chloig, agus is féidir le cuairteoirí féachaint ar an taispeántas sa mhúsaem agus dul isteach sa chaifé ar a suaimhneas tar éis an turais. Is ann do chuid mhór déantán, scáileáin idirghníomhacha, agus fiú amháin scannán ar fiú féachaint orthu!
Tabhair faoi deara go bhféadfadh sé nach mbeadh an turas seo oiriúnach do pháistí faoi 12 bhliain d’aois.
Íomhá de Constance Markievicz (in aice leis an gcathaoir): Bailiúchán George Grantham Bain, Leabharlann an Chomhdhála, Rannóg na bPriontaí & na nGrianghraf (LC-DIG-ggbain-30185)
Íomhá de Hanna Sheehy-Skeffington (agus a mac): Leabharlann an Chomhdhála, Rannóg na bPriontaí & na nGrianghraf, Bailiúchán George Grantham Bain (LC-DIG-ggbain-23442)
Gach Íomhá eile atáirgthe le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann