Déardaoin 22ú - Satharn 24ú Eanáir

Tá ríméad ar Mhúsaem Ard-Oifig an Phoist go mbeidh ceol traidisiúnta á sheinm sa Mhúsaem mar chuid de TradFest 2026. Is ceoltóirí traidisiúnta mór le rá iad Eilís Lavelle (cruitire) agus Dáire Ó Maoildeirg (píobaire uilleann), agus is féidir teacht chun éisteacht leo i mbun ceoil i bhfoirgneamh stairiúil Mhúsaem Ard-Oifig an Phoist. Tá duaiseanna buaite ag Músaem Ard-Oifig an Phoist, áit inar féidir eolas a chur ar stair na hÉireann ón Éirí Amach go dtí an lá atá inniu ann, faoi mar a nochtar an stair os do chomhair amach!

Is as Muineachán d’Eilís Lavelle, agus tá clú agus cáil uirthi mar chruitire. Tá an chruit Ghaelach á seinm aici le blianta fada, agus bíonn sí ag seinm ag féilte agus ceolchoirmeacha éagsúla ar fud an domhain mhóir. Bíonn ceardlanna agus máistir-ranganna á gcur ar siúl aici freisin. Tá ardtaithí aici mar chruitire agus mar mhúinteoir cruitireachta le roinnt blianta anuas. Craoladh í agus í ag seinm ceoil ar TG4, ar BBC (idir theilifís agus raidió), agus ar RTÉ.

Is píobaire uilleann é Dáire Ó Maoildeirg a mbíonn tionchar traidisiúnta agus clasaiceach araon le sonrú ar a cheol. Is mac léinn é sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus rinne sé saothar ceoil a chum sé féin a thaifeadadh in éineacht le Dónal Lunny. Tá Dáire ina bhall de Cheolfhoireann Ceoil Tíre na hÉireann freisin, agus sheinn sé leis an gceolfhoireann ag ionaid éagsúla timpeall na tíre, Áras Ceoldrámaíochta Loch Garman ina measc.

Mairfidh gach taibhléiriú 15 nóiméad.

Beidh Eilís Lavelle ag seinm gach lá ag 11:15 a.m., 12:15 p.m., agus 1:15 p.m.

Beidh Dáire Ó Maoildeirg ag seinm gach lá ag 2:15 p.m., 3:15 p.m., agus 4:15 p.m.

Beidh an gnáthchostas ar thicéad isteach sa Mhúsaem agus is féidir ticéid a cheannach ag www.gpomuseum.ie nó sa Mhúsaem féin ar an lá. Ceannaigh ticéid ar www.gpomuseum.ie roimh ré agus gheobhaidh tú lascaine idir €2.00 agus €5.00 ar fhormhór na dticéad!