The GPO Museum is delighted to present a new, specially researched tour about the building at the heart of Irish history, identity and the fight for independence – the General Post Office.

Déan ceiliúradh ar an stair dhá chéad bliain a bhaineann le ceann de na foirgnimh is íocónaí i gCathair Bhaile Átha Cliath. Inseofar an scéal faoi Ard-Oifig an Phoist sa turas do chuairteoirí, agus pléifear pleananna atá ar na bacáin d’athfhorbairt an fhoirgnimh. Cuirfear tús leis an turas in Oifig na Litreacha Poiblí (PLO) agus titfidh sé amach den chuid is mó laistigh den spás ina bhfuil Músaem Ard-Oifig an Phoist, atá suite ar leibhéil an urláir agus an íoslaigh ar thaobh na láimhe deise den fhoirgneamh.

Chomh maith leis sin, scrúdóidh an turas oibríochtaí laethúla Ard-Oifig an Phoist le breis agus 200 bliain. Conas a d’úsáid daoine í, cé hiad, agus na hoibrithe a sholáthair na seirbhísí riachtanacha seo do mhuintir na hÉireann. Mar lárionad cumarsáide in Éirinn, cuirfear béim ar leith ar an ról suntasach atá ag Ard-Oifig an Phoist i sochaí na hÉireann, a blianta fada mar láthair agóide agus comórtha, agus a ról i lár ceann de na seachtainí is suntasaí ó thaobh staire de in Éirinn – Seachtain na Cásca 1916.

Caithfear súil sa turas ar thógáil an fhoirgnimh, ar an iomaí athchóiriú a rinneadh air, ar a ról in Éirí Amach na Cásca 1916, ar a atógáil, ar a úsáid i mBaile Átha Cliath na linne seo, agus ar phleananna dá athfhorbairt a fógraíodh le déanaí.

Caithfear áit a chur in áirithe mar gheall go bhfuil áiteanna teoranta.

Íomhá le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI)