
Tripadvisor: Rogha na dTaistealaithe, Gradaim Tripadvisor
Tá an-áthas orainn gur roghnaíodh muid i measc an 10% is fearr de na rudaí is ceart a dhéanamh ar fud na cruinne in 2024
An Taoiseach Éanna Ó Coinnigh a d’oscail Músaem Ard-Oifig an Phoist Dé hAoine, 25 Márta 2016, cothrom céad bliain Éirí Amach na Cásca, 1916. ‘Ard-Oifig an Phoist: Finné na Staire’ a thugtaí ar an músaem ag an am, agus is iomaí duais atá buaite aige. Bhí an músaem ar cheann de thionscadail shuaitheanta Chlár Comórtha Éire 2016.
Tá tábhacht mhór chultúrtha leis an tionscadal seo atá lonnaithe i gceann de na foirgnimh is cáiliúla i mBaile Átha Cliath. An Post a chruthaigh an músaem le cabhair ón stát. Is eispéireas idirghníomhach tumthach atá ann ina n-insítear scéal Éirí Amach na Cásca 1916 agus nua-stair na hÉireann.
Tá Ard-Oifig an Phoist suite ag croílár Shráid Uí Chonaill, an tsráid mhaorga is taibhsí i mBaile Átha Cliath. Osclaíodh Ard-Oifig an Phoist in 1818, agus ba é Francis Johnston a dhear an foirgneamh. Theastaigh uaidh foirgneamh álainn galánta a thógáil a d’fhreastalódh ar chúrsaí poist agus ar chustaiméirí agus, ina theannta sin, a chuirfeadh le háilleacht ailtireachta Bhaile Átha Cliath. Ar an gcaoi sin, leagfadh an foirgneamh béim ar ról tábhachtach Oifig an Phoist i saol na hÉireann.
Ba é Ard-Oifig an Phoist mol cumarsáide na hÉireann, agus ba ann a bhí ceanncheathrú lucht Éirí Amach na Cásca in 1916. Eachtra chorraitheach stairiúil a bhí san Éirí Amach, rud a chuir bonn faoi shraith imeachtaí dochloíte. Ba é cruthú Phoblacht na hÉireann an toradh a bhí ar na himeachtaí sin ar deireadh thiar. Scriosadh an foirgneamh de bharr dóiteáin le linn an Éirí Amach, agus d’oscail William T. Cosgrave an foirgneamh atógtha ní ba mhó go hoifigiúil i mí Iúil 1929.
Tá áit ar leith ag an bhfoirgneamh i gcroí na ndaoine i gcónaí, agus is áit atá ann do chúrsaí gnó, don tseirbhís phoiblí, do chuimhneachán agus don mhórthaibhseacht.
Tá an-áthas orainn gur roghnaíodh muid i measc an 10% is fearr de na rudaí is ceart a dhéanamh ar fud na cruinne in 2024
Táimid bródúil as aitheantas a fháil as an tsármhaitheas mar fhostóir i dtionscnamh de chuid Fáilte Ireland
Aitheantas mar ‘ionad síochána agus athmhuintearais’ ó na moltóirí
An tEispéireas Cultúrtha is fearr (os cionn 100,000 duine)
Luan – Satharn: 10:00 a.m. – 5:00 p.m.
Cead isteach deireanach 4:00 p.m.
Dúnta ar an Domhnach, ar laethanta saoire poiblí agus an 24 Nollaig
Ná bíodh díomá ort! Bí cinnte na ticéid a chur in áirithe roimh ré. Gheobhaidh tú lascaine idir €2.00 agus €5.00 ar fhormhór na dticéad!