
Bí linn i Músaem Ard-Oifig an Phoist le haghaidh Féile Bloomsday 2025. Dé Sathairn, an 14 Meitheamh, beidh roinnt cainteanna againn ar Bhaile Átha Cliath i ré James Joyce, ag iniúchadh gnéithe den chathair a spreagfadh an scríbhneoir agus, uaireanta, a chuirfeadh ar mire é, go háirithe ag tús an 20ú haois.
Is í an staraí ó Bhaile Átha Cliath, an Dr. Catriona Crowe , ár bpríomhchainteoir, a thabharfaidh a léargas ar shaothair James Joyce agus ar chathair a bhreithe. Iar-Cheann na dTionscadal Speisialta ag Cartlann Náisiúnta na hÉireann, tá saothar an Dr. Crowe foilsithe i mórán irisí agus tá sí ar dhuine de na hacadúlaithe is mó le rá sa tír mar gheall ar a tiomantas do chartlanna na hÉireann a chothabháil agus a saineolas i stair na mban agus sa stair shóisialta.
Beidh ár dtreoraithe ag tabhairt cainteanna ar réimse ábhar freisin ar nós ceol, ailtireacht, dálaí sóisialta, polaitíocht, agus éadaí i ré Joyce. Mar sin, bígí linn ar an 14 Meitheamh le haghaidh tráthnóna ag iniúchadh Bhaile Átha Cliath ag casadh an chéid. Tá cead isteach saor in aisce, agus fáilte roimh chách!
Tosaíonn an ócáid ag 12pm. Ní gá áit a chur in áirithe. Mar sin féin, níl cead isteach saor in aisce chuig an músaem féin san áireamh. Is féidir le cuairteoirí ar spéis leo an ócáid dul isteach ag deasc fáiltithe an mhúsaeim agus treorófar iad chuig Gailearaí na Comórtha áit a mbeidh an ócáid ar siúl.
Íomhá le caoinchead ó Rannóg Priontaí agus Grianghraf Leabharlann an Chomhdhála (LC-DIG-ppmsc-09876)