Dé Sathairn 3 Bealtaine 2025 ar 11.00am

Is turas speisialaithe é Turas Gaeilge Mhúsaem Ard-Oifig an Phoist atá ar fáil trí mheán na Gaeilge. Insítear le linn an turais seo scéal na bpríomhimeachtaí a mhúnlaigh nua-stair na hÉireann – Éirí Amach na Cásca 1916, Cogadh na Saoirse, an Conradh Angla-Éireannach, Cogadh na gCarad, na Trioblóidí agus an próiseas síochána i dTuaisceart Éireann as ar tháinig Comhaontú Aoine an Chéasta i 1998 ina measc.
Maireann an turas thart ar uair an chloig agus tá fáilte roimh chuairteoirí cuairt a thabhairt ar a suaimhneas ar an músaem tar éis an turais.
Reáchtáiltear an turas seo ar an gcéad Satharn de gach mí ar 11am agus tá sé oiriúnach do chainteoirí Gaeilge ag an leibhéal idirmheánach agus os a chionn.